Valentina Tereshkova

Spásaire a rugadh i Maslennikovo na Rúise, agus an chéad bhean a d'eitil sa spás ar 16 Meitheamh 1963 is ea Valentina Vladimirovna Tereshkova (6 Márta 1937- ). Ba í an t-aon duine ar eitilt Vostok 6, in airde ar feadh trí lá.

Is í fós an bhean is óige a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain riamh, agus an t-aon bhean a bhí ina aonar, gan fear in aice léi.

Oibrí monarchan ab ea Tereshkova ar dtús agus bhí paraisiútáil aici mar chaitheamh aimsire. Ocht mhí déag ag traenáil a bhí i gceist roimh an turas.

Thug na nuachtáin “Cosmonette” uirthi ag an am. Ach turas an-chontúirteach a bhí ann ag an am, agus bhí misneach thar na bearta ag Tereshkova. mion|clé|Tereshkova ar stampa ón Aontais Shóivéadaigh sa bhliain 1963. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 1 results of 1 for search 'Tereshkova, Valentina', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Tereshkova, Valentina
    Foilsithe 1964
    Printed Book