Tolamaes
Matamaiticeoir, réalteolaí, astralaí, geografaí agus teoiricí ceoil ab ea Tolamaes (Gréigis:Πτολεμαῖος, ''Ptolemaios''; Laidin:''Claudius Ptolemaeus'') a scríobh tuairim is dosaen tráchtais eolaíochta, trí cinn acu a bhí tábhachtach don eolaíocht Bhiosántach, Ioslamach, agus d'Iarthar na hEorpa. Is é an chéad cheann an tráchtas réalteolaíoch ar a dtugtar an ''Almagest'' anois, cé gur tugadh an ''Mathēmatikē Syntaxis'' air ar dtús (nó i nGaeilge: an Tráchtas Matamaiticiúil), agus tugadh ''An Tráchtas Mór'' air níos déanaí. Is é an dara ceann ná an Tíreolaíocht (Gréigis: Γεωγραφικὴ Ὑφήγησις, ''Geōgraphikḕ Hyphḗgēsis'', nó sa bhrí litriúil; "Treoir Tíreolaíochta"), a bhfuil plé críochnúil ar léarscáileanna agus eolas geografach ar an domhan Gréag-Rómhánach. Is é an tríú ceann ná an tráchtas astralaíoch ina rinne sé iarracht an t-astralaíoch tuismeách a oiriúnú d'fhealsúnacht nádúrtha Arastataileach a linne. Tugtar an ''Apotelesmatika'' air seo uaireanta (sa bhrí litriúil: "Ar na hÉifeachtaí"). ach tugtar na ''Tetrábiblos'' air go coitianta, ón nGréigis Choiteann, a chiallaíonn "na Ceithre Leabhar", nó ''Quadripartiteh'' san Laidin.Rinne sé obair freisin ar Optaic, solasairíonna, ina measc, frithchaithimh, athraonadh agus dathanna. Rinne sé hipitéis pláinéadach, Planisphaerium agus Analemma chomh maith. Curtha ar fáil ag Wikipedia
-
1
-
2
-
3