Fernando Pessoa

File, scríbhneoir, criticeoir liteartha, aistritheoir, foilsitheoir agus fealsamh Portaingéalach ab ea Fernando António Nogueira Pessoa (Fuaimniú i bPortaingéilis: [fɨɾˈnɐ̃dw pɨˈsoɐ]), nó Fernando Pessoa mar a thugtar air go coitianta. Do rugadh é ar an 13ú lá de Mhí an Mheithimh i Liospóin na Portaingéile sa bhliain 1888 agus do fuair sé bás san áit chéanna ar an 30ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1935. Deirtear gur duine desna pearsana liteartha is tábhachtaí den 20ú haois é Pessoa agus duine desna filí is tábhachtaí dár scríobh i bPortaingéilis riamh.

Scríbhneoir bisiúil ab ea Pessoa, agus ní faoin ainm ‘Fernando Pessoa’ amháin a d’fhoilsíodh sé – bhí thart ar chúig cinn seachtó d’ainmneacha cleite aige le linn a shaoil. Ní thugadh sé ''pseudonym'' (i nGaeilge: ‘bréagainm’ nó ‘ainm cleite’) ach ''heteronym'' (i nGaeilge: ‘heitreainm’ nó ‘iolainm’) ar na hainmneacha san, toisc nár shíl sé gur éirigh leis an bhfocal ''pseudonym'' an saol leithleach neamhspleách dá gcuid féin a bhí ag gach ceann desna hainmneacha a chur in iúl. Amanta, bíonn dearcadh antoisceach nó anacair le léamh i scríbhinní na n-''heteronym''.

Anuas ar an bPortaingéilis, bhí Béarla agus Fraincis aige. D’aistrigh Pesso téacsanna ósna teangacha san, agus do chum sé saothair dá chuid féin iontu leis. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 9 results of 9 for search 'Pessoa, fernando', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 2003
    Faigh an téacs iomlán
    Faigh an téacs iomlán
    Printed Book
  2. 2
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 2002
    Printed Book
  3. 3
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 2002
    Printed Book
  4. 4
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 2006
    Printed Book
  5. 5
    le Pessoa, fernando
    Foilsithe 1974
    Printed Book
  6. 6
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 1974
    Printed Book
  7. 7
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 1998
    Faigh an téacs iomlán
    Faigh an téacs iomlán
    Printed Book
  8. 8
    le Pessoa, Fernando
    Foilsithe 1974
    Printed Book
  9. 9
    Foilsithe 2000
    Údair Eile: ...Pessoa,, Fernando...
    Printed Book