Monacó

Tír bheag agus tearmann cánach in iarthar na hEorpa í Prionsacht Mhonacó, nó, go simplí, Monacó (Fraincis: ''Principauté de Monaco'', Monacais: ''Principatu de Múnegu''). Tá sí suite cois na Meánmhara, agus teorainn aici leis an bhFrainc. Tá an stát suite timpeall sé chiliméadar déag ó theorainn na Fraince leis an Iodáil. Tá dlús an daonra i Monacó níos airde ná in aon tír eile sa domhan.

Monarcacht bhunreachtúil í Monacó, agus í á rialú ag an rítheaghlach céanna, muintir Grimaldi, ón mbliain 1297 anuas, agus thug an Fhrainc aitheantas oifigiúil do neamhspleáchas na tíre sa Chonradh Fhranca-Mhonacach sa bhliain 1861. Cé gur tír neamhspleách í Monacó, tá sé socraithe ag an dá thír gurb í an Fhrainc a bheidh á cosaint, má bhagraíonn cogadh ar an bprionsacht.

Is é an prionsa atá ag rialú na tíre inniu ná Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), a tháinig i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005. Bhí Rainier pósta ar Grace Kelly, réaltóg scannán ó na Stáit Aontaithe, arbh í máthair Ailbhe agus na beirte deirfiúracha atá aige, na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie. Ba é Rainier a rinne tearmann cánach agus áit mhór turasóireachta de Mhonacó. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 49 for search 'Monaco', am an iarratais: 0.02s Refine Results
  1. 1
    le Monaco
    Foilsithe 2014
  2. 2
    le Monaco
    Foilsithe 2014
  3. 3
    le Monaco
    Foilsithe 2014
  4. 4
    le Monaco
    Foilsithe 2014
  5. 5
    le Monaco
    Foilsithe 2014
  6. 6
    le Monaco, James
    Foilsithe 1977
    Printed Book
  7. 7
    le Monaco, James
    Foilsithe 1977
    Printed Book
  8. 8
    le Monaco, James
    Foilsithe 1977
    Printed Book
  9. 9
  10. 10
    le Monaco, James
    Foilsithe 2009
    Printed Book
  11. 11
    le Monaco, James
    Foilsithe 1981
    Printed Book
  12. 12
    le James Monaco
    Foilsithe 1978
    Printed Book
  13. 13
    le James Monaco
    Foilsithe 1981
    Printed Book
  14. 14
    le James Monaco
    Foilsithe 2000
    Printed Book
  15. 15
    le Monaco, James
    Foilsithe 2000
  16. 16
    le James Monaco
    Foilsithe 2007
    Printed Book
  17. 17
    le Monaco,James
    Foilsithe 2000
    Printed Book
  18. 18
    le Monaco, Richard
    Foilsithe 1973
    Printed Book
  19. 19
    le Monaco, James
    Foilsithe 2009
    Printed Book
  20. 20
    le Monaco,Richard
    Foilsithe 1973
    Printed Book