John Kerry
Polaiteoir, taidhleoir agus dlíodóir Meiriceánach is ea John Forbes Kerry. Seanadóir na Stát Aontaithe ó Massachusetts a bhí ann ó 3 Eanáir, 1985 go dtí 1 Feabhra, 2013. Ba é iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh é i dtoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 2004. Ina choinne bhí an tUachtarán, George W. Bush, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, a raibh a dhara théarma á iarraidh aige. Theip ar Kerry an toghchán a bhuachan. Ceapadh John Kerry mar Stát-Rúnaí na Stát Aontaithe ar an 1 Feabhra 2013.Is fear pósta é. Phós sé Teresa Heinz, an dara bean aige, sa bhliain 1995 i Nantucket, Massachusetts. Curtha ar fáil ag Wikipedia
-
1
-
2