James Hogg

File agus scríbhneoir i mBéarla agus san Albainis ab ea James Hogg (177021 Samhain 1835). Nuair a bhí sé óg, bhí sé ag obair sa talmhaíocht mar aoire agus tréadaí, agus fuair sé a chuid oideachais ina aonar trí léamh pearsanta. Bhí sé ina chara ag mórán scríbhneoirí clúiteacha a bhí beo ag an am, Walter Scott ina measc. Fiú scríobh Hogg beathaisnéis neamhoifigiúil ar Scott. Bhí clú is cáil air mar an "Tréadaí Eadaraig" (''Ettrick Shepherd''), agus d'úsáid sé an leasainm sin nuair a foilsíodh a lán leabhar a scríobh sé. Ina theannta sin, d'úsáid sé an t-ainm sin mar ainm carachtair sa tsraith chlúiteach ''Noctes Ambrosianae'', a bhí foilsithe san iris ''Blackwood's Magazine''. Tá cáil air fós sa lá atá inniu mar gheall ar an úrscéal ''The Private Memoirs and Confessions of a Justified Sinner''. I measc na rudaí eile a scríobh sé, tá dáin mar ''The Queen's Wake'' (1813), bailiúchán amhrán ''Jacobite Reliques'' (1819), agus dhá úrscéal eile, ''The Three Perils of Man'' (1822) agus ''The Three Perils of Woman'' (1823). Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 2 results of 2 for search 'Hogg, James', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Carey, John; Ed, Hogg, James
    Foilsithe 1969
    Printed Book
  2. 2
    le Hogg, James; Ed, Mittler, Peter; Ed
    Foilsithe 1987
    Printed Book