Guy de Maupassant

Scríbhneoir Francach ab ea Henri René Albert Guy de Maupassant (5 Lúnasa 18506 Iúil 1893). Do rugadh é i ''château'' Mhiromesnil, ''château'' atá suite i dTourville-sur-Arques, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince.

Cara de chuid Ghustave Flaubert agus Émile Zola ab ea Maupassant, scríbhneoir a d'fhág an-lorg ar litríocht na Fraince de bharr na n-úrscéalta - úrscéalta ar nós ''Une vie'' (1883), ''Bel-Ami'' (1885) agus ''Pierre et Jean'' (1887-1888) - agus na ngearrscéalta dá chuid. Deirtear gurbh é ba mhó a chuir an gearrscéal chun cinn sa Fhrainc agus tá an-chlú go deo ar ghearrscéalta de chuid Mhaupassant sa lá atá inniubh ann fós. I measc na gcnuasach gearrscéalta a foilsíodh, is iad ''Boule de suif'' (1880), ''Contes de la bécasse'' (1883) agus ''Le Horla'' (1887) na cnuasaigh is iomráití.

Ainneoin an mhéid a scríobh sé, ní raibh Maupassant ina scríbhneoir ach ar feadh deich mbliana amháin - .i. ón mbliain 1880 go dtí an bhliain 1890 -, do fuair an íorthacht dianghreim air ag deireadh na tréimhse sin agus ní raibh sé in ann scríobh a thuilleadh. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 3 results of 3 for search 'de Maupassant, Guy', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le De Maupassant, Guy
    Foilsithe 1970
    Printed Book
  2. 2
    Údair Eile: ...De Maupassant, Guy...
    Printed Book
  3. 3
    le മോപ്പസാങ്
    Foilsithe 2017
    Údair Eile: ...de Maupassant, Guy...
    Printed Book