Leo Tolstoy

Scríbhneoir Rúiseach ab ea Leo Tolstoy, nó an Cunta Leo Nikolayevich Tolstoy (Rúisis: ''Лев Никола́евич Толсто́й​'', ). Rugadh in Yasnaya Polyana, in aice le Tula dhá chéad ciliméadar ó dheas ó Mhoscó é ar an 9 Meán Fómhair 1828, agus fuair sé bás in Astapovo ar an 20ú Samhain 1910. I ndiaidh Réabhlóid na Rúise, d'athraigh na húdaráis ainm Astapovo go Lev Tolstoy i ndilchuimhne ar an scríbhneoir. Úrscéalaí agus prós-scríbhneoir a bhí ann, agus áirítear ar rogha úrscéalaithe na litríochta domhanda é.

I ndiaidh dó a chuid mórshaothar a chríochnú, chuaigh Tolstoy le fealsúnacht shíochánachais dá dhéantús féin, agus bhí tionchar mór ag a chuid smaointí faoin bhfrithbheartaíocht shíochánta ar dhaoine mór le rá cosúil le Mahatma Gandhi agus Martin Luther King, Jr.

Is é an mórúrscéal eipiciúil úd ''Война и мир/Voyna i mir'' ("Cogadh is Síocháin") príomhshaothar an scríbhneora. Sa leabhar seo, tugann sé cur síos ar an dóigh a ndeachaigh ionsaí Napoléon ar an Rúis i bhfeidhm ar shaol na Rúiseach. Mórúrscéal eile é ''Анна Каренина/Anna Karenina''. Scríobh sé tríológ dhírbheathaisnéiseach freisin, ''Детство - Отрочество - Юность/Detstvo - Otrochestvo - Yunost´'' ("Aois an Linbh - Aois an Stócaigh - Aois an Ógánaigh"). Leag sé amach a fhealsúnacht phearsanta i leabhair ar nós ''Исповедь/Ispoved´'' ("Faoistin"), ''В чём моя вера/V chom moya vera'' ("Céard is creideamh dom"), ''Царство Божие внутри вас/Tsarstvo Bozhie vnutri vas'' ("Tá ríocht Dé istigh ionaibh") agus ''Воскресение/Voskresenie'' ("Aiséirí"). Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 758 for search 'Tolstoy', am an iarratais: 0.02s Refine Results
  1. 1
    le Tolstoy
    Printed Book
  2. 2
    le Tolstoy
    Foilsithe 1967
    Printed Book
  3. 3
    le Tolstoy
    Foilsithe 1982
    Printed Book
  4. 4
    le Tolstoy
    Foilsithe 1985
    Printed Book
  5. 5
    le Tolstoy
    Foilsithe 1978
    Printed Book
  6. 6
    le Tolstoy
    Foilsithe 1960
    Printed Book
  7. 7
    le Tolstoy
    Foilsithe 1970
    Printed Book
  8. 8
    le Tolstoy
    Foilsithe 1970
    Printed Book
  9. 9
    le Tolstoy
    Foilsithe 1960
    Printed Book
  10. 10
    le Tolstoy
    Foilsithe 1962
    Printed Book
  11. 11
    le Tolstoy
    Foilsithe 1970
    Printed Book
  12. 12
    le Tolstoy
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  13. 13
    le Tolstoy
  14. 14
    le TOLSTOY
    Foilsithe 1967
    Printed Book
  15. 15
    le Tolstoy
    Foilsithe 1969
  16. 16
    le Tolstoy
  17. 17
    le Tolstoy
    Foilsithe 1925
  18. 18
    le Tolstoy
    Foilsithe 1968
  19. 19
    le Tolstoy
    Foilsithe 1953
  20. 20
    le Tolstoy
    Foilsithe 1960