Stephen Hunt

Is imreoir sacair Éireannach é Stephen Hunt a rugadh ar an 1 Lúnasa 1981 i bPort Laoise, Contae Laoise. Imreoir gasta agus bríomhar atá ann, a imríonn i lár na páirce, ar an gcliathán clé de ghnáth. D'imir sé le Reading F.C. ar feadh ceithre bliana. Ar an 11 Lúnasa 2009 shínigh sé conradh le Hull City, chun filleadh ar ais ar Phríomhroinn Shasana ach ina dhiaidh sin sa bhliain 2010 bhog sé go Wolverhampton agus ó shin tá sé ag imirt leo. Bhí Hunt ina ábhar conspóide sa bhliain 2006 i gcluiche in aghaidh Chelsea, nuair a bhuail sé an cúl báire Petr Čech lena chos. Timpiste a bhí ann, dar leis, ach bhí an-chaint sna meáin spóirt faoi agus cuireadh ina leith go ndearna sé d'aon ghnó é. Pé scéal é, gortaíodh Čech go dona agus chaith sé na míonna ar na taobhlínte. Tá a dheartháir Noel ag imirt le Reading agus le foireann na hÉireann chomh maith. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 3 results of 3 for search 'Stephen Hunt', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Archer, Stephen Hunt
    Foilsithe 1976
    Printed Book
  2. 2
    le Stephen Hunt (ed.)
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  3. 3
    le Henry Huddart, Stephen Hunt
    Foilsithe 1975
    Printed Book