Robin Cook

Ba pholaiteoir Briotanach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é Robert Finlayson "Robin" Cook (28 Feabhra 1946 – 6 Lúnasa 2005) a bhí ina Fheisire Parlaiminte (FP) ó 1974 go dtí a bhás i 2005 agus d'fhreastail sé sa Chomh - Aireacht mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ó 1997 go dtí 2001 nuair a tháinig Jack Straw isteach ina ionad. Ansin d'fhreastail sé mar Cheannaire ar Theach na dTeachtaí ó 2001 go 2003.

Rinne sé staidéar in Ollscoil Dhún Éideann sular toghadh é mar Fheisire Parlaiminte do Dhùn Èideann Meadhain (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe) i 1974; aistrigh sé go toghcheantar Bhaile Dhunlèibhe i 1983. Sa Pharlaimint, bhí cáil air as a chumas díospóireachta agus rinne sé dul chun cinn tapa trí na céimeanna polaitiúla agus ar deireadh thiar isteach sa Chomh-aireacht. Mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, rinne sé maoirseacht ar idirghabhálacha na Breataine sa Chosaiv agus i Siarra Leon.

D'éirigh sé as a phoist mar Ard-Uachtarán na Comhairle ( ''Lord President of the Council'') agus mar Cheannaire Theach na dTeachtaí ar an 17 Márta 2003 mar agóid i gcoinne ionradh na hIaráice. Ag am a bháis, bhí sé ina Uachtarán ar an ''Foreign Policy Centre'' agus ina Leas-Uachtarán ar an ''British-American Parliamentary Group'', agus ar an ''Global Security and Non-Proliferation All Party Parliamentary Group''. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 12 results of 12 for search 'Robin Cook', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Robin Cook
    Foilsithe 2006
    Printed Book
  2. 2
    le Robin Cook
    Foilsithe 1978
    Printed Book
  3. 3
    le Robin Cook
    Foilsithe 1995
    Printed Book
  4. 4
    le Robin Cook
    Foilsithe 1997
    Printed Book
  5. 5
    le Robin Cook
    Foilsithe 1981
    Printed Book
  6. 6
    le Robin Cook
    Foilsithe 1994
    Printed Book
  7. 7
    le Robin Cook
    Foilsithe 1994
    Printed Book
  8. 8
    le Robin Cook
    Foilsithe 1990
    Printed Book
  9. 9
    le Robin Cook
    Foilsithe 1999
    Printed Book
  10. 10
    le Robin Cook
    Foilsithe 1997
    Printed Book
  11. 11
    le Robin Cook
    Foilsithe 1988
    Printed Book
  12. 12
    le Robin Cook
    Foilsithe 2001
    Printed Book