Rick Riordan

Is údar Meiriceánach é Richard Russell Riordan Junior (/ˈraɪərdən/; rugadh 5 Meitheamh 1964). Is fearr aithne air as an tsraith ''Percy Jackson and the Olympians'' a scríobh. Aistríodh a chuid leabhar go dtí níos mó ná dhá scór teanga agus díoladh níos mó ná tríocha milliún cóip sna Stáit Aontaithe. Rinne 20th Century Fox sraith scannán bunaithe ar an gcéad dá leabhar den tsraith, agus tá athchóiriú i gcomhair Disney+ á ullmhú in 2022. Spreag a chuid leabhar go leor ábhair ghaolmhair freisin, mar shampla úrscéalta grafacha agus bailiúcháin ghearrscéalta.

Ba é ''Big Red Tequila'' an chéad úrscéal lánfhada a scríobh Riordan, an chéad leabhar sa tsraith ''Tres Navarre''. Bhain sé clú agus cáil amach leis an leabhar ''The Lightning Thief'' (2005), an chéad úrscéal as cúig cinn sa tsraith ''Percy Jackson and the Olympians'', a chuir grúpa déagóirí de chuid na linne seo i suíomh miotaseolaíoch Gréag-Rómhánach. Ó shin i leith, tá go leor leabhar eile scríofa ag Riordan: ''The Heroes of Olympus'', úrscéal ag leanúint ''Percy Jackson''; ''The Kane Chronicles'', tríológ comhchosúil le ''Percy Jackson'' dírithe ar mhiotaseolaíocht na hÉigipte; agus ''Magnus Chase and the Gods of Asgard'', tríológ den chineál céanna arís, dírithe ar mhiotaseolaíocht na Lochlannach. Chabhraigh Riordan le Scholastic Press an tsraith ''The 39 Clues'' agus a seachthorthaí a fhorbairt, agus scríobh sé an chéad leabhar sa tsraith, ''The Maze of Bones''. Is é ''Daughter of the Deep'' (2021) an leabhar is déanaí aige. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 11 results of 11 for search 'Rick Riordan', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    Printed Book
  2. 2
    Printed Book
  3. 3
    Printed Book
  4. 4
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  5. 5
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2013
    Printed Book
  6. 6
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2011
    Printed Book
  7. 7
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2011
    Printed Book
  8. 8
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2014
    Printed Book
  9. 9
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2014
    Printed Book
  10. 10
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2013
    Printed Book
  11. 11
    le Rick Riordan
    Foilsithe 2012
    Printed Book