Erich Maria Remarque

Scríbhneoir Gearmánach ab ea Erich Maria Remarque (fíorainm: ''Erich Paul Remark'') a saolaíodh ar an 22 Meitheamh 1896 in Osnabrück agus a fuair bás i Locarno ar an 25 Meán Fómhair 1970.

Throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda, agus scríobh sé an t-úrscéal is clúití ar fad faoin gcogadh sin in aon teanga - ''Im Westen nichts Neues'' ("Diabhal athrú ar an bhfronta thiar" - ''All Quiet on the Western Front'' atá ar an aistriúchán Béarla). Tháinig an t-úrscéal i gcló sa bhliain 1929, agus scannánaigh an stiúrthóir Lewis Milestone do Hollywood ar an toirt é. Níor thaitin súil réadúil an scríbhneora ar an gcogadh le heite dheis na Gearmáine, agus chuir na Naitsithe a chuid scríbhinní le tine nuair a shealbhaigh siad an chumhacht sa Ghearmáin. B'éigean dó dul ar lorg tearmainn san Eilvéis.

Sa bhliain 1939, thug sé a aghaidh ar na Stáit Aontaithe. Bhí cumainn ghrá aige le mná mór le rá na linne, cosúil le Marlene Dietrich, Greta Garbo agus Paulette Goddard. Sa deireadh, phós sé Goddard agus shocraigh siad síos san Eilvéis. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 14 results of 14 for search 'Remarque, Erich Maria', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1976
    Printed Book
  2. 2
  3. 3
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1947
  4. 4
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1960
  5. 5
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1972
  6. 6
    le Remarque,Erich Maria
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  7. 7
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1962
    Printed Book
  8. 8
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1929
    Printed Book
  9. 9
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1928
    Printed Book
  10. 10
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 1961
    Printed Book
  11. 11
    le Remarque ,Erich Maria
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  12. 12
    le Remarque, Erich Maria
    Foilsithe 2018
    Printed Book
  13. 13
  14. 14
    Údair Eile: ...Remarque, Erich Maria...
    Printed Book