Priyamvada Gopal
Is acadóir, scríbhneoir agus intleachtóir poiblí a rugadh san
India í
Priyamvada Gopal atá ina hOllamh le Staidéar
Iarchoilíneach i nDámh an Bhéarla in
Ollscoil Cambridge. Is iad na príomhspéiseanna teagaisc agus
taighde atá aici ná staidéir choilíneacha agus iarchoilíneacha, litríocht na hÁise Theas, staidéir chriticiúla cine, agus polaitíocht agus cultúir na himpiriúlachais agus an
domhandaithe. Tá trí leabhar scríofa aici ag gabháil do na hábhair seo: ''Literary Radicalism in India'' (2005), ''The Indian English Novel'' (2009) agus ''Insurgent Empire'' (2019) ''.'' Cuireadh a tríú leabhar, ''Insurgent Empire'', ar an ngearrliosta don
Nayef Al-Rodhan Prize for Global Cultural Understanding. Bíonn sí ag scríobh go rialta freisin do roinnt
nuachtán agus foilseachán, lena n-áirítear ''
The Guardian'', ''The Hindu'', ''
Al Jazeera'', agus ''The Nation''. Tá aird fhorleathan sna meáin tugtha ar ráitis Gopal faoi chine agus impireacht. Sa bhliain 2021, ainmníodh í mar cheann de na 50 smaointeoir is fearr ar domhan ag an iris ''Prospect.''
Curtha ar fáil ag Wikipedia