Páras
Is é Páras (Fraincis: ''Paris'') an chathair is mó san Frainc agus príomhchathair na tíre. Tá sé suite cois na Séine i dtuaisceart na Fraince, i lár den réigiún ''Île de France''. Tá 2.153.600 duine ina gcónaí taobh istigh de theorainn na cathrach, agus tá 11.769.433 duine ina gcónaí i mórcheantar uirbeach Pháras (''aire urbaine''). Mar sin, tá Páras ar ceann de na mórcheantair uirbeacha san Eoraip.Bhí Páras ina áit lonnaithe thábhachtach le dhá mhílaois anuas, agus sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na príomhionaid maidir le cúrsaí gnó agus cultúrtha ar domhan. Tá tionchar aige ó thaobh chúrsaí polaitíochta, oideachais, siamsaíochta, meán, faisin, eolaíochta agus ealaíon de, agus cuireann an méid seo lena stádas mar cheann de na príomhchathair dhomhanda.
Is é Páras ceann de na cinn scríbe turasóireachta is coitinne sa domhan. Téann breis agus 45 milliún turasóir gach bliain go dtí Réigiún Pháras. Tá roinnt sainchomharthaí tíre íocónacha sa chathair mar aon le hinstitiúidí aithnidiúla agus páirceanna coiteanna. Curtha ar fáil ag Wikipedia
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15
-
16
-
17
-
18
-
19
-
20
- 1
- 2
- 3
- 4
- Ar aghaidh
- [4]