Adolf Hitler

Bhí Adolf Hitler (20 Aibreán 188930 Aibreán 1945) ina cheannaire (nó ''Führer'') ar an nGearmáin ón mbliain 1933 go dtína bhás sa bhliain 1945. Ba eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an bPolainn, rud a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda, arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomhaireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar an tír, bhunaigh sé stát ollsmachtúil nár fhág cead cainte ar bith ag an bhfreasúra, agus bhain sé an chuid ba mhó de na cearta sibhialta de na saoránaigh. Rinne sé géarleanúint chruálach ar a chuid naimhde polaitiúla, ar nós na gCumannach, na nDaonlathach Sóisialta, agus a lán dreamanna eile. Bhí an ciníochas fite fuaite trína shaoldearcadh, ionas nach raibh meas an mhadra aige ar na Giúdaigh ná ar na Slavaigh. D'fhéach sé le Giúdaigh uile na hEorpa a mharú, agus leis an bplean seo—"Fuascailt Dheiridh na Ceiste Giúdaí"—a chur i bhfeidhm, thóg lucht a leanúna campaí géibhinn ar fud na hEorpa leis na Giúdaigh a thachtadh ina sluaite le gás nimhe. Nuair a bhí díormaí an Airm Dheirg ag cúngú air i mBeirlín, chuir sé lámh ina bhás féin in éineacht le boic mhóra eile an pháirtí, go háirithe Joseph Goebbels. Go gairid roimh a bhás, phós sé Eva Braun, a bhí mar leannán aige le fada. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 56 for search 'Hitler, Adolf', am an iarratais: 0.02s Refine Results
  1. 1
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 1988
    Printed Book
  2. 2
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 1972
    Printed Book
  3. 3
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2004
    Printed Book
  4. 4
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2008
    Printed Book
  5. 5
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 1987
    Printed Book
  6. 6
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 1988
    Printed Book
  7. 7
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2005
    Printed Book
  8. 8
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2012
    Printed Book
  9. 9
    le Hitler,Adolf
    Foilsithe 2004
    Multimedia
  10. 10
    le Hitler ,Adolf
    Foilsithe 1987
    Printed Book
  11. 11
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2013
    Printed Book
  12. 12
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2008
    Printed Book
  13. 13
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2016
    Printed Book
  14. 14
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2016
    Printed Book
  15. 15
    le Hitler,Adolf
    Foilsithe 2004
    Printed Book
  16. 16
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 1998
    Printed Book
  17. 17
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 1969
    Printed Book
  18. 18
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2016
    Printed Book
  19. 19
    le Hitler, Adolf
    Foilsithe 2016
    Printed Book
  20. 20
    Printed Book