Heinrich Zimmer

Ollamh agus Ceiltíoch Gearmánach ba ea Heinrich Friedrich Zimmer (11 Nollaig 1851 – 29 Iúil 1910).

Rugadh é i dteaghlach feirmeoireachta in Kastellaun, Rheinland-Pfalz in iarthar na Gearmáine. Rinne sé staidéar ar theangacha ársa in Ollscoil Kaiser Wilhelm in Strasbourg, agus ina dhiaidh sin, ar an Ind-Eolaíocht agus an tSanscrait faoi stiúir Rudolf von Roth in Ollscoil Tübingen. Sa bhliain 1878, fuair sé post mar léachtóir in Ollscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín, áit a ndearna Ferdinand de Saussure staidéar in éineacht leis; in 1881 rinneadh Ollamh le Sanscrait agus Teangeolaíocht Chomparáideach de in Ollscoil Greifswald. In 1901, ceapadh é mar an chéad Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Friedrich Wilhelm, an chéad phost dá leithéid in aon ollscoil sa Ghearmáin; ba é Rudolf Thurneysen an mac léinn ba chlúití dá chuid ann. (Tháinig Kuno Meyer i gcomharbas air tar éis bhás Zimmer in 1910.) In 1902 toghadh é ina bhall d'Acadamh Eolaíochtaí na Prúise, agus in 1906 ina bhall comhfhreagrach d'Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire. In 1910, agus é ag fulaingt ó ghalar doleigheasta, bháigh sé é féin. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 8 results of 8 for search 'Heinrich Zimmer', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1955
    Printed Book
  2. 2
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1960
    Printed Book
  3. 3
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1960
    Printed Book
  4. 4
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1990
    Printed Book
  5. 5
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1990
    Printed Book
  6. 6
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1999
    Printed Book
  7. 7
    le Heinrich Zimmer
    Foilsithe 1990
    Printed Book
  8. 8
    le Campbell Joseph (ed.)
    Foilsithe 2000
    Údair Eile: ...Heinrich Zimmer...
    Printed Book