Gwynedd

Contae is ea Gwynedd in iarthuaisceart na Breataine Bige, a bhfuair a ainm ón sean-ríocht Teyrnas Gwynedd. Cé go bhfuil sé sa dara háit is mó i dtéarmaí limistéar geografach, tá sé freisin ar cheann de na dúiche is lú daoine. Labhraíonn tromlach den daonra an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin Comraig).

Is anseo atá Prifysgol Bangor (Gaeilge: ''Ollscoil Bangor'') lonnaithe agus tá an leithinis álainn Penrhyn Llŷn mar chuid de, agus an chuid is mó den Pharc Cenedlaethol Eryri (Gaeilge: Páirce Náisiúnta Eryri).

Úsáidtear an t-ainm Gwynedd freisin i gcomhair chontae bhuanaithe, a chlúdaíonn Ynys Môn chomh maith leis an chontae reatha. Go cultúrtha agus go stairiúil, is féidir an t-ainm a úsáid freisin ar son an chuid is mó de Thuaisceart na Breataine Bige (mar shampla, an limistéar atá clúdaithe ag Chonstáblacht Gwynedd), arbh ionann é agus an fhairsinge ba mhó dá raibh riamh i dTeyrnas Gwynedd.

De réir staidéir an stáit sa bhliain 2018, tá Breatnais ag 76.8% de dhaonra Gwynedd a bhí ar a laghad 3 bhliain d'aois ag an am. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 1 results of 1 for search 'Gwynedd', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Gwynedd