Antonio Gramsci

Fealsamh Marxach, scríbhneoir, teangeolaí, iriseoir, agus polaiteoir Iodálach ba ea Antonio Francesco Gramsci ([anˈtɔːnjo franˈtʃesko ˈɡramʃi]; 22 Eanáir 1891 – 27 Aibreán 1937). Ina chuid scríbhneoireachta, rinne sé trácht ar fhealsúnacht, teoiric pholaitíochta, socheolaíocht, stair, agus teangeolaíocht. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach na hIodáile agus bhí sé ina cheannaire ar an bpáirtí sin ó 1924 go 1926. Nuair a tháinig Benito Mussolini agus na Faisistithe i réim in 1922, cháin Gramsci iad go neamhbhalbh go dtí gur cuireadh i bpríosún é in 1926, áit ar fhan sé go bhfuair sé bás in 1937.

Le linn dó a bheith sa phríosún, scríobh Gramsci níos mó ná 30 leabhar nótaí agus 3,000 leathanach de stair agus anailís. Smuigeáladh na lámhscríbhinní as an bpríosún sna 1930idí, agus foilsíodh iad den chéad uair in 1947 faoin teideal '''' (Gaeilge: ''Leabhair Nótaí Príosúin''). D'imir na leabhair nótaí tionchar mór ar theoiric pholaitiúil an 20ú haois. Tharraing Gramsci léargais ó fhoinsí éagsúla — ní hamháin ó Mharxaigh eile, ach ó smaointeoirí ar nós Niccolò Machiavelli, Vilfredo Pareto, Georges Sorel, agus Benedetto Croce chomh maith. Phléigh sé raon leathan ábhar, mar shampla stair na hIodáile agus náisiúnachas na hIodáile, Réabhlóid na Fraince, an Faisisteachas, Taylorachas agus Fordachas, an tsochaí shibhialta, an stát, ábharachas stairiúil, béaloideas, reiligiún, ardchultúr, agus cultúr na ndaoine.

Is fearr aithne ar Gramsci as a theoiric ar heigeamaine chultúrtha, teoiric a dhéanann cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann an stát agus an aicme chaipitlíoch — an ''bourgeoisie'' — institiúidí cultúrtha chun saibhreas agus cumhacht a choinneáil. Ba é dearcadh Gramsci go bhforbraíonn an ''bourgeoisie'' cultúr heigeamaineach trí idé-eolaíocht seachas trí fhoréigean, fórsa eacnamaíoch, nó comhéigniú. Rinne sé iarracht freisin briseadh ón chinnteachas eacnamaíoch a bhí lárnach i smaointeoireacht ortadocsach na Marxach ag an am, agus dá bharr sin deirtear uaireanta gur nua-Mharxach é Gramsci. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 54 for search 'Gramsci, Antonio', am an iarratais: 0.03s Refine Results
  1. 1
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 1998
    Printed Book
  2. 2
    Printed Book
  3. 3
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2015
    Printed Book
  4. 4
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2015
    Printed Book
  5. 5
    le Gramsci,Antonio
    Foilsithe 2015
    Printed Book
  6. 6
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2014
    Printed Book
  7. 7
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2001
    Printed Book
  8. 8
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 1975
    Printed Book
  9. 9
    le Gramsci,Antonio
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  10. 10
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 1978
    Printed Book
  11. 11
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  12. 12
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 1996
    Printed Book
  13. 13
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2018
    Printed Book
  14. 14
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2015
    Printed Book
  15. 15
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2014
    Printed Book
  16. 16
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2015
    Printed Book
  17. 17
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  18. 18
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2002
    Printed Book
  19. 19
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2006
    Printed Book
  20. 20
    le Gramsci, Antonio
    Foilsithe 2015
    Printed Book