An Búda

thumb|Dealbh sa tSeapáin Is é an Búda an t-ainm a thugtar ar Gautama Siddartha, bunaitheoir an Bhúdachais, agus ciallaíonn sé ‘an té atá ina dhúiseacht’. Rugadh é thart faoin mbliain 550 RCR i dtuaisceart na hIndia agus ba é a athair.

Deirtear go ndearnadh tairngreacht agus an Búda ina pháiste go rachadh sé sna manaigh nuair a bheadh fulaingt agus cruachás an domhain tugtha faoi deara aige agus go ndéanfadh sé cion tairbhe iontach tábhachtach ó thaobh na spioradáltachta de, rud nár thaitin lena athair ar chor ar bith. clé|mion|Lá Vesak Thóg a athair gairdín mór dó agus chuir sé cosc ar aon radharc a bhainfeadh leis an bhfulaingt. Lá amháin, áfach, d’éalaigh an Búda, agus chonaic sé ceithre radharc: seanfhear, fear tinn, marbhán agus manach. I ndiaidh dó na rudaí seo a fheiceáil, chinn sé ar phálás an rí a fhágáil le bheith ina mhanach agus fáil amach faoin mbealach ab fhearr le cosc a chur ar an bhfulaingt.

Chaith sé tamall ag staidéar leis na haiséitigh éagsúla chun ióga a fhoghlaim, ach ní raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige. D’imigh sé uathu agus shuigh sé síos faoi scáth crainn bodhi, agus mhóidigh sé fanacht ansin go mbeadh an eagnaíocht bainte amach aige.

Deirtear, agus é ina shuí ansin, gur mhothaigh sé fulaingt iomlán an chine dhaonna agus gach neach eile, ach ag deireadh na tréimhse chuaigh sé isteach sa nirbheána, ó bhí an eagnaíocht bainte amach aige. mion|Lá Vesak Ar dtús bhí rún aige fanacht ansin gan focal a rá le haon duine eile, ach deirtear go raibh guth ón dia Brahma ag impí air an t-eolas sin a roghnú. Mar sin, chaith an Búda cúig bliana is dhá fhichead ag dul gach áit ag tabhairt cuidithe do dhaoine a bhí i gcruachás.

Theagasc an Búda na ceithre fhírinne uaisle:

* Is í an fhulaingt an saol ar fad, * is í an dúil bunús na fulaingthe, * is é stad na dúile stad na fulaingthe, agus * is í conair na n-ocht rian an dóigh chun sin a dhéanamh (amharc ceart, rún ceart, caint cheart, gníomhú ceart, slí bheatha cheart, iarracht cheart, aireachas ceart agus tiúchan ceart). clé|mion|Gautama Siddartha Bhunaigh an Búda ord manach agus siúrach agus bhí lucht leanúna tuata aige fosta.

I rith na n-aoiseanna a lean, bhí líon ollmhór daoine ag leanúint a theagaisc, mar is amhlaidh inniu, agus is cinnte gur duine de mhórghiniais spioradálta i stair an domhain é an Búda.

Ceiliúrtar Lá Vesak gach bliain, i mí na Bealtaine de ghnáth (athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú). Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 42 for search 'Gautama', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
    le Gautama
    Foilsithe 1982
    Printed Book
  2. 2
    le GAUTAMA
    Foilsithe 1910
    Printed Book
  3. 3
    le Gautama
    Foilsithe 1936
  4. 4
    le Gautama
    Foilsithe 1984
  5. 5
    le Gautama
    Foilsithe 1925
  6. 6
    le Gautama
    Foilsithe 1939
  7. 7
    le Gautama
    Foilsithe 1939
  8. 8
    le Gautama
    Foilsithe 1922
  9. 9
    le Gautama
  10. 10
    le Gautama
    Foilsithe 1984
  11. 11
  12. 12
  13. 13
    le Gautama
    Foilsithe 1967
    Printed Book
  14. 14
    le Gautama
    Foilsithe 1981
    Printed Book
  15. 15
  16. 16
    le Gautama
    Foilsithe 1964
  17. 17
    le Gautama
    Foilsithe 1984
    Printed Book
  18. 18
    le Gautama
    Foilsithe 1975
    Printed Book
  19. 19
    le Gautama
    Foilsithe 1982
    Printed Book
  20. 20
    le Ahuja, Gautama
    Foilsithe 2007
    Printed Book