Olaudah Equiano
Ba daonfhuascailteoir Nigéarach é Olaudah Equiano, a rugadh c.1745 i Nkwerre i dtír na n-Íogbó agus a fuair bás ar an 31 Márta 1797 in Middlesex, Sasana. Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, cur síos ar uafás shaol sclábhaí ''The Interesting Narrative of the Life of Olaudah Equiano'', sa bhliain 1789. .Tá cúpla tagairt dó a deir gurb as Carolina Theas é. De réir an méid a scríobh sé féin, áfach, fuadaíodh eisean agus a dheirfiúr óna mbaile dúchais agus iad ina bpáistí, agus tugadh go Barbadós é ar dtús, ansin go Virginia i Meiriceá Thuaidh. Cheannaigh sé a shaoirse i Meiriceá. Moladh dó gnó a dhéanamh ach i ndiaidh dó fuadach eile a éalú ar éigin, thug sé aghaidh ar Shasana. Bhí sé gníomhach ansin san fheachtas frithsclábhaíochta. Curtha ar fáil ag Wikipedia
-
1
-
2
-
3Printed Book