An Béarla
Is teanga Ghearmáinice é an Béarla (Béarla: ''English'') nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine.Tá sé ar ceann de na teangacha is forleithne ar domhan inniu, agus labhraítear é mar phríomhtheanga sa Bhreatain Mhór, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa chuid is mó de Cheanada, in Éirinn, agus ina lán iarchoilíneachtaí de chuid na Breataine Móire mar phríomhtheanga nó mar theanga chomhchumarsáide.
I gcúrsaí teicneolaíochta, agus i gcuid mhór de na meáin cumarsáide idirnáisiúnta i ré seo an Idirlín, tá buntáiste an Bhéarla ag dul i dtreise, ionas gur féidir a rá inniu gurb é príomhtheanga na meán cumarsáide é.
Ceiliúrann na Náisiún Aontaithe ''Lá an Bhéarla'' gach bliain ar an 23 Aibreán, chun an teanga a chothú. Curtha ar fáil ag Wikipedia
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15
-
16
-
17
-
18
-
19
-
20