Charles Dickens

Ba é Charles John Huffam Dickens (7 Feabhra 1812 - 9 Meitheamh 1870) an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá sa ré Victeoiriach. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus é á bhfoilsiú i bhfoirm sraithe. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.

Cuireadh Gaeilge ar thrí úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d'aistrigh ''A Tale of Two Cities'' faoin teideal ''Scéal fá Dhá Chathair'' (is é sin, ''Scéal faoi Dhá Chathair'' sa Chaighdeán), agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar ''David Copperfield''. Bhí Gaeilge Uladh ag aistritheoir an chéad leabhar acu, agus ba as Contae Mhaigh Eo don Ruadhánach, rud a chiallaíonn go bhfuil an dá aistriúchán Gaeilge difriúil go leor le chéile ó thaobh na canúna de. D'aistrigh An tAthair Pádraig Ua Duinnín an leabhar ''A Christmas Carol'' faoin teideal Duan na Nollag. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 3 results of 3 for search 'Dickens, Charles, 1812-1870', am an iarratais: 0.01s Refine Results
  1. 1
  2. 2
    le Dickens, Charles, 1812-1870
    Foilsithe 2017
    Printed Book
  3. 3
    le Dickens, Charles, 1812-1870
    Foilsithe 2017
    Printed Book