Richard Dawkins

thumb|220px|Richard Dawkins, 24 Meitheamh 2006 Is eiteolaí, bitheolaí éabhlóideach agus scríbhneoir eolaíochta mór-ráchairte Briotanach é Clinton Richard Dawkins (26 Márta 1941 a rugadh é). Bhí sé in Ollúnacht Charles Simonyi um Thuiscint an Phobail ar an Eolaíocht, in Ollscoil Oxford, idir 1995 agus 2008.

Tháinig Dawkins chun cinn ar dtús le leabhar dá chuid sa bhliain 1976, darbh ainm 'The Selfish Gene'. Chabhraigh sé seo go mór leis an dearcadh géin-láraithe ar éabhlóid a chur i lár an aonaigh agus thug sé an téarma 'meme' ar an saol, rud a chabhraigh le forbairt 'memetics'.

Sa bhliain 1982, chuir sé go mór le heolaíocht na héabhlóide, leis an teoiric a léirigh sé ina leabhar ''The Extended Phenotype'', is é sin nach mbaineann éifeachtaí feinitíopacha le corp an orgánaigh amháin ach go mbíonn siad in ann a bheith scaipthe ar fud na timpeallachta, corp na n-orgánach eile san áireamh. Bíonn an teoiric seo á lua go minic ag lucht bitheolaíochta.

Tá ceithre leabhar mór-ráchairte scríofa aige ó shin agus bhí sé le feiceáil agus le cloisteáil ar go leor cláracha teilifíse agus raidió maidir le bitheolaíocht éabhlóideach, cruthaíochtachas agus reiligiún. clé|mion|225x225px|24 Meitheamh 2006 Is duine frith-reiligiúnach neamhbhalbh é chomh maith le bheith ina aindiachaí, ina dhaonnachaí saolta, agus ina sceipteach agus tacaíonn sé le gluaiseacht na 'Brights'. Tugtar an leasainm "rótvaidhléir Darwin" air as díograis na tacaíocht a thugann sé do theoiric na héabhlóide, tagairt don bhitheolaí Sasanach T. H. Huxley a raibh an leasainm "bulladóir Darwin" air. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 75 for search 'Dawkins, Richard', am an iarratais: 0.02s Refine Results
  1. 1
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 1976
    Printed Book
  2. 2
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  3. 3
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 1996
    Printed Book
  4. 4
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2006
    Printed Book
  5. 5
    le Dawkins,Richard
    Foilsithe 2005
    Printed Book
  6. 6
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2015
    Printed Book
  7. 7
  8. 8
    Printed Book
  9. 9
    le Dawkins,Richard
    Foilsithe 2011
    Printed Book
  10. 10
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 1989
    Faigh an téacs iomlán
    Faigh an téacs iomlán
    Faigh an téacs iomlán
    Printed Book
  11. 11
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2009
    Printed Book
  12. 12
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 1995
    Printed Book
  13. 13
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2005
    Printed Book
  14. 14
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2012
    Printed Book
  15. 15
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2006
    Printed Book
  16. 16
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 1997
    Printed Book
  17. 17
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 1998
    Printed Book
  18. 18
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2005
    Printed Book
  19. 19
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2007
    Printed Book
  20. 20
    le Dawkins, Richard
    Foilsithe 2006
    Printed Book