Jorge Luis Borges

Scríbhneoir scéalta fantaisíochta ón Airgintín ab ea Jorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo, nó Jorge Luis Borges ( audio), mar a shínigh sé a chuid scéalta. Tháinig sé chun saoil in Buenos Aires ar an 24 Lúnasa 1899, agus cailleadh sa Ghinéiv é ar an 14 Meitheamh 1986. Tógadh go dátheangach é le Béarla agus le Spáinnis araon. Sa bhliain 1914, d'aistrigh an teaghlach go dtí an Eilvéis, agus chuaigh sé ar scoil ansin. Ina dhiaidh sin, thug siad turas ar fud na Spáinne. D'fhill Borges go dtí an Airgintín sa bhliain 1921, agus ansin, thosaigh sé ag scríobh. Tháinig an chéad chúpla scéal leis i gcló ar irisí de chuid lucht leanúna an osréalachais. Chuaigh sé le leabharlannaíocht mar shlí bheatha. Nuair a tháinig Juan Perón i gcumhacht san Airgintín, b'éigean do Borges post an leabharlannaí a fhágáil agus cur suas le géarleanúint pholaitiúil. Bhí sé ábalta, áfach, léachtanna a thabhairt go poiblí.

Nuair a bhí sé ag druidim chun cnagaoise, chaill sé radharc a shúl de dheasca galar oidhreachtúil. Sa bhliain 1955, ceapadh ina stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hAirgintíne é, agus rinneadh Ollamh le Litríocht de in Ollscoil Buenos Aires. Sa bhliain 1961, bhain sé amach clú agus cáil ar fud an domhain, nuair a bronnadh ''Prix Formentor'', duais idirnáisiúnta na bhfoilsitheoirí, air. Ansin, cuireadh a lán teangacha ar a chuid saothar, agus foilsíodh iad sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 45 for search 'Borges, Jorge Luis', am an iarratais: 0.02s Refine Results
  1. 1
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1998
    Printed Book
  2. 2
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1999
    Printed Book
  3. 3
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 2005
    Printed Book
  4. 4
    le Borges,Jorge Luis
    Foilsithe 1999
    Printed Book
  5. 5
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1998
    Printed Book
  6. 6
  7. 7
  8. 8
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 2010
    Printed Book
  9. 9
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1999
    Faigh an téacs iomlán
    Printed Book
  10. 10
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1976
    Printed Book
  11. 11
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1975
    Printed Book
  12. 12
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 2002
    Printed Book
  13. 13
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1979
    Printed Book
  14. 14
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1998
    Printed Book
  15. 15
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1970
  16. 16
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1998
  17. 17
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 2001
  18. 18
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1999
  19. 19
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1998
  20. 20
    le Borges, Jorge Luis
    Foilsithe 1985